Na hIdirMheanaigh

Body
Na hIdirMheanaigh ag teacht chun cinn arís?

Tá sé cinnte go bhfuil dúshlánna éagsula ag baint le cursaí éagraithe agus reatha chuile fhoireann i gach uile club ar fud na tíre! Ach nach deacair go minic a bheith pairteach len dara fhoireann i gclub, dream lena mbaineann fadhbanna agus riachtainnis faoi leith nach déantar morán phlé orthu de ghnáth.

Níl aon difríocht ar an scéal agus foireann Idirmheanach na Crocaigh i gceist. Ó bliain go bhliain is é an phríomh dúshlán atá ann de gach foireann bainistiochta páirteach leis na hidirmheanaigh ná spiorad agus aitheantas faoi leith mar paneil neamhspleac a chrothú agus ansin and spiorad sin a choimead beo fuinniúl ar feadh an seisiur go léir, agus is eacht fíor mhoir a leithead a dhéanamh.

De ghnáth is meascáin simiúil d'imreoirí a bhíonn i gceist leis an bpanéil idearmheanach, roinnt acu ag teacht aníos on leibhéal is airde, uaireannta iad gan a bheith cinnte an bhfuil an súim fós acu fannacht ag imirt ag an leibhéal sach dáirire seo. Lads óga ag teacht aníos, roinnt dóibh le súil amháin ar an bpanéil sinséarach agus lads atá i lar baoil agus iad ar an mean breá sásta ag an leibheal seo. Caite isteach sa scéal freisin tá cursaí eile atá taobh amuigh de smacht na bainisteoirí cosúil le riachtanas an foireann sinsearach agus a leithéid.

I dtaobh na cheiste aitheantais. An coir a bheith neamhspleach ar fád mar panéil no dul ag traenáil leis an foireann atá ag an leibhéal is airde? Is cinnte go dtagann feabhas ar scilleanna agus luas na himirthe ag traenáil leis na shinsearaigh ach an dhéanann sé damáiste don dara grúpa mar phaneil?

Leis na ceisteanna/fadhbanna seo go léir curtha in áireamh bheadh sé éasca a cheapadh nach mbéadh morán in ann dos na hIdirmheanaigh ariamh. Ach ó uair go chéile athraíonn cursaí agus tagann gach rud le cheile ag an am cheart agus is deacair mear a leagadh uaireannta ar na cúiseanna díreach a mbaineann le seo. Níl aon lucht/mileann faoi leith ar aon comhairle banistíochta a bhíonn i gceannais nuair nach tarlaíonn rudaí dóibh, uaireannta ní bhíonn ach easpa taidh ar an bpairc féin i gceist.

I mbliana tá tús fíor mhaith déanta ag na hIdearmheanaigh, cúig cinn de cluichí imirthe le ceann amháin críochnaithe ar chomh scóir agus na ceithre cinn eile buaite go dtí seo acu. An dhá phanéil ag traenáil go dian lena chéile, feabhas ag teacht ar an dhá fhoireann diaidh ar ndiaidh.

Is cinnte go bhfuil sé fíor luath sá bhlian fós agus níl a fhios ag aon duine ceard atá i ndann san gearrtodhchaí, ach tá an cumadh ann go bhfuil seans ag an foireann dul ar an cinéal rith céanna is a bhaineadar amach cúpla bliain gearra ó shin nuair a chuadar an slí ar fád chuig and Cluiche Ceannais agus baineadar an tsráth amach ag an ám céanna. Is cinnte go bhfuil an tálúin ann agus breathnaíonn an meascáin laidir go leor ach caithfidh an meoin ceart a bheith ag gach duine atá pairteach.

Feicimis conas már a nobraíonn cursaí amach agus an boige ag fagáil ná pairceanna.

Tagging