Bua ag Colaiste Eoin in aghaidh Scoil Aodhain, Craobh Ath Cliath, 24 Marta 2010
Le griangrafanna ón gcluiche a fheiceáíl, cliceáíl ANSEO nó thuas
I bPairc Parnell ar 24ú Marta 2010 bhuaigh Coláiste Eoin ar Scoil Aodhain i gCraobh Áth Cliath de chomortas na scoileanna (Roinn A). Sár chluiche a bhí anseo, le triúir imreoir ó Chill Mochuda na Crócaigh chun cinn ar an bhfoireann (Dara Ó Gallchobhair, leath thosach ar lár; Tadhg Ó Murchú sa chúl agus Adam Ó'Neill ina ionadaí san tosaithe). Ar an bpainéil ó na Crócaigh chomh maith bhí Cathal Ó Catháín, Fiachra O Brolacháin agus Daniel Coakley. Ar an bhfoireann bainistíochta bhí Aodán dePaor, imreoir sinsearach leis an gClub.
Is beag a bhí idir an dá fhoireann sa chéad leath, a chríochnaigh ar chomhscór; 1-03 an taobh.
Tháínig Coláiste Eoin chun tosaigh sa dara leath, le cúl tapa go luath tar éis an briseadh. Scóráíl siad cúpla cúlín eile ansin, go minic le saor pucanna. Ag druidim i dtreo deireadh an chluiche tháínig Scoil Aodháin ar ais go láidir, ach sheas buachaillí an Chóláiste an fód. Nuair a séideadh an fheadóg bhí bua den scoth bainte amach acu! 'Sé seo an tríú uair as a chéíle do Choláiste Eoin an corn seo a bhuachaint. Comhghairdeachas leo.
Read the Gazette's excellent report by clicking on the newspaper below