U12s beat Éire Óg, 29 Apr 07
Kilmacud Crokes U12s 4-07, Éire Ó 0-02, Nenagh, 29 April 2007
Bhuaigh an Fhoireann Fé 12 ar Éire Óg in Aonach Ur Mhumhain, Co. Thiobraid Árainn ar an Domhnach 29ú Aibreán, 2007. Cé go raibh an aimsir go hálainn nuair a d’fhágamar Baile Átha Cliath, bhí sé fuar, fliuch agus gaofar san Aonach.
In ainneoin na droch aimsire, bhí na Crócaigh chun tosaigh ón gcéad scór agus is mar sin a bhí go deireadh an chluiche. Léirigh na buachaillí sár scileanna agus d’imir an fhoireann mar aonad láidir tríd an gcluiche ar fad. Ach go háirithe, bhí Conor Hayes ar fheabhas sna tosaithe agus Michael O Dwyer sa lár. Ar éigean gur sáraíodh Cathal Keane-Breslin ar cúl. Throid Donal Keane agus Ronan Horgan go téagartha tríd an gcluiche, mar is gnách. Bhí na cúil ar fad chomh ládir sin gur beag a bhí le déanamh ag Dara Ó Gallchobhair mar chúl báire.
Bhí tionchar na seisiúin treanála le feiceáil go soiléir san imirt ag na leaids inniu.
Foireann: D Ó Gallchobhair, C Keane-Breslin, O Ó Siocrú, K Ó Flannagáin, R Horgan, C MacGabhann, F Rogers, D Kane, M O Dwyer, S Bedford, D Keane, C Hayes, C MacIntrye, M O Loughlin, D Ó Murchú, D Paisley, A Spollen
To see images of this and other U12 matches in 2007 click ANSEO!
Na Crócaigh abú!!