Bua stairiúil ag Coláiste Eoin
Coláistí Laighean Iomáínt Sinsir A
Bhí dhá bhua ag Coláiste Eoin le seachtain anuas sa chomórtas thuas.
Ar an Déardaoin 8ú Samhain d'imríodar i gcoinne "Dublin North" i UCD agus ar an gCeadaoin 14ú Samhain thainig Coláiste Chiaráin (Cill Chainnigh) go Baile Átha Cliath don dara cluiche sa tsraith.
Sa chéad chluiche bhí Coláiste Eoin chun tosaigh ó thuas go deireadh. An scór a bhí ann ag críoch an chluiche ná Coláiste Eoin 9-07, Dublin North 1-08.
Bhí dúshlán níós déinne ag na lads sa chluiche in aghaidh Coláiste Chiaráín ach, ag deireadh an lae, chríochnaigh siad 1-14 go 0-11 chun tosaigh.
I measc imreóirí Cholaiste Eoin ó Chlub Cill Mochuda na Crócaigh san dá chluiche bhí Ódhrán Ó Siochrú, Donncha Ó Murchú, Cian MacGabhann, Dara Ó Gallchobhair, Oisín Ó Ruairc, Cathal O Cathain-Breslin, Pól Mac Cumascaigh, Tadhg Ó Murchú agus Fiachra Ó Conchubhair.
Féach tuairisc an Irish Times ar an gcluiche in aghaidh Dublin North ANSEO
Féach tuairisc an Evening Herald ar an gcluiche chéanna ANSEO
Féach tuairisc an Evening Herald ar an gcluiche in aghaidh Coláiste Chiaráin ANSEO
Féach anseo ar an gcur síos ag Coláiste Chiaráin ar an gcluiche ANSEO
Bhí an bua ag St Peters (Loch Garmáín) ar Choláíste Eoin sa chluiche deireannach sa sraith ar 21 Samhain), 1-11, 1-06 ach ceaptar go n-imreoidh siad sa chluiche leath cheannais in aghaidh CBS Cill Chainnigh. Féach tuairisc an Evening Herald ANSEO