Stair
Bhunaigh grúpa de bhaill pharóiste Cilmochuda an club I 1959 agus iad faoi stiúir na sagairt Ath. Robert Walsh agus Ath. Martin Ryan.
Thárla an chéad cruinniú poiblí ar an gcoincheap ar an dara lá déag de Feabhra i Halla Naomh Lorcán, áit a sheasann Ionad Siopadóireachta Stigh Lorgan sa lá atá inniu ann. Eagraíodh an cruinniú chun fiosrú cén saghas suim a bheadh ag muintir na háite I gclub CLG a bhunú sa cheantar. Reachtáil an t-Athair Rober Walsh C.C. (sa phitiúr thuas/thíos/ar dheis/ar chlé) an cruinniú. Dúirt an t-Athair Walsh go raibh sé “thar am áiseanna a chur ar fail do bhuachaillí chun cluichí a imirt … chun spiorad Náisiúnachas a spreagadh mar a fheictear sa CLG”. D’fhreastal tuaraim agus caoga duine ar an gcruinniú agus thugadar lán Tacaíocht don gcoincheap. D’iarr siad ar na bunaitheoirí filleadh orthú le níos mó eolas I gcruinniú eile.
Eagraíodh an chéad cruinniú ginearálta den chlub ar an dara lá déag de Mhárta agus d’fhreastal thart ar seasca duine ar an gcruinniú. Shaothraigh bailiúchán scilling an duine trí phunt agus tríocha pingin. Glacadh le moladh go mbeadh geansaí glas le coiléir agus cufaí bána, brístí gearra bána agus stocaí buí ag an gclub. Athraíodh na dathanna seo níos déanaí go dtí an corcra agus ór a aithníonn muid ar fad anois; na dathanna a bhí ag an scoil náisiúnta áitiúil, Naomh Lorcán Naofa. Is as an dian obair a bhí ar siúl sa scoil seo ag múinteoirí Sean Brennan agus Michael Burke a d’fhás an suim agus an fonn sa phobal an club a bhunú sa chéad áit.
Ina chéad bhliain cuireadh na foirneacha seo a leanas chun páirce: Peil F13, F15, F16.5 agus mionúir, agus san Iomáint F13.5, F15, agus Sóisear. Sna blianta a lean buadh an-chuid comórtais, Léaganna Peil F13, F15 agus mionúir ina measc chomh maith le léigeanna F13 agus F15 san Iomáint. D’imir an chlub I gcúpla áit difriúil sna blianta luath seo, an talamh ar a shuíonn eaglais Cil Mochuda faoi láthair ina measc. Beartaíodh I 1963 6.5 acra de thalamh taobh thiar den Ormonde a cheannach mar pháirc buan don chlub agus go gearr ina dhiagh sin ceannaíodh Teach Gleann Albain béal doras chomh maith I 1965.
1966
I 1966, tar éis ionadaíocht a bheith déanta don choiste ó lucht na háite agus Sean-bhaill de Chlub Iomána Crokes, Brendan Power agus Paddy Leavy (imithe ar shlí na fírinne anois), aontaíodh dul chun cainte leis an gClub Iomána na Crócaigh maidir le na Crócaigh teacht isteach faoi bhráid Cil Mochuda. Aontaíodh é seo ag cruinniú ginearálta de baill an dá chlub in Aibreán.
Bunaíodh Club Iomána na Crócaigh i 1922-23 ag Michael Curran, coimeadaí páirce i bPáirc an Chrócaigh, agus bhain siad go leor rathanna suntasacha amach sna blianta ina dhiaidh sin, sular chuaigh siad isteach le Cil Mochuda. Bhí foireann amháin amháin ag na Crokes ag imirt sa sraith sinsear ag an am agus, cosúil le go leor chlubanna fhoireann amháin eile, bhí deacrachtaí acu le himreoirí a mhealladh. Tréimhse a bhí ann inar thosaigh an chuid clubanna móra sna bruachbhaillte sa chathair agus fágadh Cill Mochuda na Crócaigh le habhanntrach mór. Ba mhór an sprioc é d’óganaigh an cheantair go raibh club Iomána sinsearach anois i gCill Mochuda agus go bhféadfadh siad iarracht a dhéanamh ar an bhfoireann. Bhí an comhoiriúnacht rathúil ón tús nuair a bhuaigh an club Craobh Sinsearach an bhliain sin trí Cholumba Crumlin a shárú sa chluiche ceannais.
1972
I 1972, d'éirigh le Club Peile Gaelach Benburb ó Chluain Sceach amalgámaíocht a dhéanamh le Cill Mochuda Crokes. Chuir sé seo le dul chun cinn an pheil i measc an phobail. Anois, d'fhéadfadh an club foirneacha fásta agus faoi aois a chur ar an bpáirc.
D'athraigh Club CLG Cill Mochuda a ainm go Club CLG Cill Mochuda na Crócaigh i 1971. Tháinig Club Peile Benburb ón gCluain Sceach, trí chúram John Sheridan, le Cill Mochuda Crokes in 1972 agus chuir siad le neart bainistíochta agus láidreachta imirt don taobh peile den chlub. Bunaíodh Club Benburbs sna 1880idí agus imríodh an Chluiche Ceannais Uile-Éireann ar a bpáirc i gCluain Sceach in 1888.
1973
Thosaigh Eileen Hogan an roinn Camógaíochta i 1973 le cabhair ó Bunny Whelan agus Cora Cregg. Bhí Eileen ag imirt do Bhaile Átha Cliath roimhe sin agus bhuaigh sí bonn Uile-Éireann in 1955.
1996
Bunaíodh an Rannóg Peile na mBan ag John Sheridan i mí Feabhra 1996 agus tá sé tar éis a bheith ina rannóg mhór den chlub laistigh de thréimhse gear ama. Bhain siad stádas sinsearr amach i 2000, nuair a bhuaigh siad an Craobh agus Sraith Idirmheánach.