Ár n-Urraitheoir

Abhar an Leathanaigh
Íomha
Kilmacud Crokes launch sponsorship with Beacon Hospital
Téasc
Is mór ag an Ospidéal Beacon a bheith ina phríomhurraí ar CLG Chill Mochuda na Crócaigh.

Tá an tOspidéal Beacon i measc na n-ospidéal príobháideach is nuálaí ó thaobh teicneolaíochta san Eoraip. Tá foireann de bhreis is 1,700 de lucht leighis gairmiúil againn ag cúr aire den chéad scoth ar fáil dár n-othar. Agus muid ag dul in urraíocht ar ár gcomharsana áitiúla, tá sé i gceist againn an dúthracht chomónta atá againn don tsláinte choirp, obair foirne agus folláine croíthe agus intinne ár bhfoirne áitiúla a spreagadh i gcroílár ár gcomhphobal- Passion Lives Here! Téann an tOspidéal Beacon chun tosaigh le modhanna máinliachta nuálacha a thabhairt go hÉirinn agus a chur i gcrích: le bliain anuas is iomaí gnímh a chuireamar i gcrích den chéad uair in Éirinn agus cuid den chéad uair ar domhan leis.

Íomha
Passion Grows Here Poster
Íomha
Passion Coaches Here Poster
Íomha
Passion Plays Here Poster
Íomha
Passion Volunteers Here Poster
Téasc

Tugann an tOspidéal Beacon aire do bhreis is 200,000 othar chuile bhliain, le breis is 200 leaba d'othair thar oíche. Cuireann an tOspidéal Beacon lánseirbhís ospidéil ar fáil le raon leathan roinn agus clinicí satailíte. Tá an mháinliacht san ospidéal ag caighdeán den scoth leis an bhfoireann agus fearas is fearr dá bhfuil ann in Éirinn. Cuirtear scoth na máinliachta den uile sórt i gcrích ar bhonn laethúil.

Téasc

Nuacht Urraitheoir Le Déanaí