Peil 7-an-Taobh

Abhar an Leathanaigh
Téasc
Is comórtas bliantúil í Craobh na hÉireann 7 an Taoibh atá ar siúl i gCill Mochuda na Crócaigh le breis is 40 bliain.

Imrítear í ar Shatharn dheireadh seachtaine Chraobh Peile na hÉireann. Tá an comórtas faoi urraíocht phtíomhurraí ár gcumainn, Beacon Hospital. Is gnách do thart ar 24 foireann páirt a ghlacadh i ngrúpaí an chomórtais. Imrítear na cluichí i bPáirc an Airgid agus Páirc de Búrca. Imrítear cluichí deiridh an chomórtais- na cluichí leathcheannais agus ceannais, tráthnóna Sathairn i bPáirc de Búrca. Cuirtear isteach ar an gcomórtas ó cheann ceann na tíre. Ní ghearrtar aon táille iontrála ar na cluichí agus eisítear clár roimh thús an chomórtais le hailt agus fógraíocht ó ghnólachtaí áitiúla. Déantar an comórtas a eagrú agus a reáchtáil ag oibrithe deonacha an chumainn.