Cór na gCrócaigh

Abhar an Leathanaigh
Téasc
Bunaíodh an cór i 2016, mar chuid de Chlár Meabhairshláinte an chlub. Leanann an cór ag dul ó neart go neart.

Cuirimid fáilte mhór roimh bhaill nua an t-am ar fad (mná nó fir). Buailimid le chéile ó Mheán Fómhair go Bealtaine gach bliain. 

Faoi stiúir Shane Barriscale, bíonn cleachtaí ar siúl sa seomra feidhmeach gach oíche Domhnaigh ó 6.30-8pm. 

Canaimid raon leathan d'amhráin; amhráin thraidisiúnta, nua-aimseartha, scannáin agus ceoldráma ina measc. 

Tá clú an chóir tar éis fás go mór le blianta beaga anuas. Bhí go leor taispeántas againn sa chlub, chomh maith le ceolchoirmeacha i gCill Mochuda, Cnoc Mhuirfean, Baile na Manach agus Glas Tuathail, 'Light up for Laura Lynn' agus ag an RNLI i nDún Laoghaire. 

Is é buaicphointe dúinn gach bliain ná an seirbhís carúil Nollag san ionad siopadóireachta Stigh Lorgan ar son Laura Lynn, carthanacht ainmnithe an chlub. 

Bhailíomar 30,000euro go dtí seo ar son raon leathan de charthanachtaí, Cumann Croise Deirge na hÉireann don Úcráin, Laura Lynn agus ‘Fr Tony Coote's Walk While You Can’. 

Tugtar na traiceanna líne dúinn do na hamhráin. Má tá tú in ann ceol a léamh, tá buntáiste leis ach níl sé riachtanach! Is breá linn a bheith ag canadh, ag déanamh cairde nua agus is deas dúinn an deireadh seachtaine a chríochnú go buacach leis an gcór!

De réir an taighde, is iad na príomhbuntáistí le bheith ag canadh i gcór ná nasc sóisialta, sláinte riospráide níos fearr, spreagadh cognaíoch agus meabhairshláinte feabhsaithe. Tá craic agus spraoi ann chomh maith!

Má tá suim agat bheith mar bhall den chór nó má tá níos mó eolais uait, tar linn chuig an seomra feidhmeach oíche Domhnaigh nó téigh i dteagmháil le: