Bothán na bhFear
Bunaíodh “Bothán na bhFear Phobal Chill Mochuda” “The Kilmacud Community Men’s Shed (KCMS)” i mí Eanáir 2023 chun deiseanna gníomhaíochta a chuir ar fáil d’fhir, daoine atá ar scor de ghnáth, i mórcheantar Chill Mochuda/Stigh Lorgan chun teacht le chéile agus tabhairt faoi ghníomhaíochtaí éagsúla mar chuid de ghrúpa. Táimid gníomhach ag lorg baill nua. Táimid ag feidhmiú faoi láthair as na h-áiseanna atá curtha ar fáil dúinn ag Cumann Chill Mochuda Na Crócaigh ach ní gá duit a bheith i do bhall de Chlub CLG Chill Mochuda chun dul isteach i mBothán na bhFear.
Cé atá muid?
Is “Bothán na bhFear Phobal Chill Mochuda” “The Kilmacud Community Men’s Shed (KCMS)” atá suite i gceantar Chill Mochuda/Stigh Lorgan agus atá cleamhnaithe le Cumann Seideanna Fear na hÉireann (IMSA). Feidhmímid faoi láthair as na háiseanna a sholáthraíonn Cumann CLG Chill Mochuda/Bothán na bhFear ag Teach Ghleann Albáin dúinn. Bunaíodh an grúpa i mí Eanáir 2023 agus buaileann siad le chéile gach Luan ag 11 roimh nóin i dTeach Ghleann Albáin chun imeachtaí a phlé agus a phleanáil.
Cad a Dhéanamid?
Cuirimid áis ar fáil dár mbaill a bheith páirteach i roinnt gníomhaíochtaí, lena n-áirítear Garraíodóireacht, Golf Gearr (Pitch & Putt), Scoileanna Cárta, Siúlóid Chnoic, Rothaíocht, Turais Chultúrtha agus déanaimid éascú freisin ar fhreastal ár mbaill ar imeachtaí arna óstáil ag eagraíochtaí eile m.sh. Cumann Staire Chill Mochuda Stigh Lorgan. Tá turais déanta againn cheana féin ar Dháil Éireann, ceantar Theach an Chustaim, Cúrsa an tsrutha a shíneann ó Stigh Lorgan go dtí an fharraige a rianú, mar sin logainmneacha mar - Fearann an Locha (Lakelands) agus Teach an Mhuilinn (Mill House). Coiméadann ár ngrúpa gáirdíní Laura Lynn ar Bhóthar Bhaile na Lobhar i n-ord agus bhí cuid dár mbaill páirteach i bpéinteáil cuid de na fallaí timpeall ar dTeach Ghleann Albáin. Tá an Bothán sách nua agus táimid ag súil, le h-imeacht ama, cur leis an liosta gníomhaíochtaí atá ar bun. I ndeireadh na dála, is eagraíocht bhall-tiomanta sinn agus féachaimid ar na baill cabhrú linn cur leis na gníomhaíochtaí a dhéanaimid.
Conas a bheith páirteach?
Tá fáilte romhat teacht chuig ár gcruinniú seachtainiúil (de ghnáth 11 roimh nóin ar a Luan) sa seomra mór ócáide i gClubtheach Chill Mochuda an Chrócaigh, A94 E7K8. Tá táille bhallraíochta bhliantúil (€50 faoi láthair) ach tá baill nua in ann úsáid a bhaint as na h-áiseanna ar feadh tréimhse tosaigh ceithre seachtaine gan aon ghealltanas dá gcuid.
Sonraí Teagmhála
Má tá spéis agat bheith páirteach nó tuilleadh eolais a fháil, seol ríomhphost le do thoil – mens_shed@kilmacudcrokes.com